Bhain sé sult mór as sin. Bhí teach airneáin ag Tadhg Mhicí Thaidhg, fear a raibh oifig an phoist aige agus bhíodh siad ag imirt chárdaí, cluichí cúig fichid, i dtigh Thaidhg. Thagadh siad amach as Gabhla ag an deireadh seachtaine agus théadh siad ag damhsaí i nGaoth Dobhair.